Scéal Ó Bhéal Logo

Heritage Points

Cover Photo
The Courthouse Cover Photo

The Courthouse

Is i dtrátha na bliana 1855 a tógadh seanteach na cúirte. Ba ghnách Cúirt Ghearr na míosa a choinneáil ansin go dtí gur thit córas dlíthiúil na Breataine Móire as a chéile anseo in Éirinn.

View Point

The Mass Rock Cover Photo

The Mass Rock

The Mass Rock

Gaeilge

Tá an charraig seo le feiceáil i mbaile fearainn Plochóg. Sa bhliain 1995 chuir an tAthair Jimí ó Siail plaic ar an láthair i gcuimhne na tragóide a tharla i 1935 agus i gcuimhne Gorta Mór na bliana 1845.

View Point

Rannagh Park Cover Photo

Rannagh Park

Gaeilge

View Point

The Arranmore Disaster Cover Photo

The Arranmore Disaster

Gaeilge

Ar an 9 Samhain 1935, cailleadh 19 duine ar a dturas fillte ón Albain, nuair a chuaigh a mbád i léig. Níor mhair ach duine amháin ann, Paddy Edward Gallagher. Anseo insíonn Hugh Nancy an scéal brónach.

View Point

Beaver Island Cover Photo

Beaver Island

Gaeilge

Le blianta fada tá dlúthbhaint idir Oileán Árainn Mhór agus Beaver Island i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cé go bhfuil siad scartha ag farraige leathan an Atlantaigh, tá dáimh ar leith idir an dá oileán. Thosaigh an nasc seo in aimsir an Ghorta Mhóir nuair a chuaigh na céadtaí ar imirce go Meiriceá le fáil ar shiúl ón ocras agus ón bhochtaineacht.(wave noise) Rinne go leor daoine ó chladaí agus ó oileáin na Rosa a mbealach go cladaí na Locha Móra i Meiriceá, áit ar chuir siad futhu le dhul i gceann saoil níos fearr. Tá sé le feiceáil ón léarscáil de Beaver Island agus ó na logainmneacha Gaelacha atá ann go raibh tionchar mhór ag cóilíneacht na n-imirceach sin ar an oileán. Is docha go raibh cuid mhaith den mhuintir a bhí ag fágáil Árainn Mhór den chéad uair i bhfabhar imeachta le fáil ar shiúl ón chruatan agus ón ocras a d’fhulaing siad sna blianta i ndiaidh an Ghorta. B’fhéidir go raibh sé éasca dóibhsean an cinneadh a dhéanamh an baile a fhágáil. Ach bhí tiarna talaimh úr ar tí imirce a bhrú orthu anois dá n-ainneoin agus ní bheadh an dara suí sa bhuaile acu ach Árainn Mhór a fhágáil. Sa bhliain 1849, dhíol an Marquis Conyngham oileán Árainn Mhór le John Stoupe Charley ar chostas £5000. Ní amháin gur cheannaigh Charley an t-oileán, cheannaigh sé riaráiste cíosa na dtionóntaí chomh maith - £912 19s. 7d. Ina iomláine. Chuirfeadh Charley na fiacha ar ceal do thionónta ar bith a raibh riaráiste le híoc aige dá mbeadh sé sásta glacadh le saorthaisteal go Ceanada, le cois bia agus éadach don turas. Ach bhí coinníoll i gceist; chaithfeadh an teaghlach uilig imeacht sa dóigh nach mbeadh duine ar bith acu fágtah le bheith ina ualach ar dhaoine eile (cead slán ar …glantan glas goth dobhair). Sa bhliain 1866, chuaigh 160 duine díreach as Árainn Mhór go Beaver Island agus arís in 1884 chuaigh 96 duine anonn faoin scéim “imirce in aisce” a bhí stiúir Chuallacht na gCairde.

View Point

Cave of the Slaughter Cover Photo

Cave of the Slaughter

Cave of the Slaughter

Gaeilge

View Point

Donnelly's Hut Cover Photo

Donnelly's Hut

Gaeilge

I lár Oileán Árainn Mhór in aice le Cnoc an Fhrancaigh, ar thaobh na fothana, tá Bothán Donnelly, ag breathnú amach ar theach solais agus iar-thuaisceart an oileáin. Ní hé Donnelly ainm ceart an duine seo, ach leas-ainm, agus ní cheart go bhféadfaí an bothán seo a thógáil san áit iargúlta seo gan cabhair ó inneall, ach sin an sórt duine é Donnelly. Is cloch mór trom é an lindéar thar an doras, a d’ardaigh sé gan cabhair ó éinne agus tá suíomh an bhotháin gearrtha amach as aill cloiche. Seo an radharc is deise ar an oileán, dar le Donnelly, agus sin an fáth gur thóg sé an bothán ann – chun gur féidir le daoine stopadh agus suaimhneas na háite a bhlaiseadh.

View Point

The Glen Hotel Cover Photo

The Glen Hotel

Ó tógadh é sna 1880oidí, tá Óstán an Ghleanna fite fuaite le stair an oileáin. Ba é an tiarna talaimh, John Stoupe Charley, a bhí ina chónaí sa Glen House i dtús báire. Cheannaigh John Charley oileáin Árainn Mhór sa bhliain 1849. I ndiaidh dó seilbh a ghlacadh ar fheirm ar an Leadhb Gharbh, thóg sé teach an Ghleanna sa bhliain 1853.

View Point

Early's Bar Cover Photo

Early's Bar

Gaeilge

Tá Tigh Early suite i Leadhb Gharbh. Bunaithe sna 1850 idí ag Jonny Hughdán Ó Donnell, tá an ceadúnas tábhairne is luaithe a eisíodh ar an oileán aige (deir cuid acu gurb é an beár is sine i nDún na nGall é). Tá Jerry agus Patricia i mbun an ghnó ó 1990 nuair a ghlac siad ó thuismitheoirí Jerry, Andrew agus Mary, é. Ghlac Kayla agus Aisling Early an barra anonn óna dtuismitheoirí le déanaí. Bíonn seisiún amhránaíochta álainn anseo gach oíche Dhomhnaigh, nó “uair naofa” a thugtar air!

View Point

The Stolwijk Cover Photo

The Stolwijk

Gaeilge

I 1940 bhris bád ceannaíochta Ollannach síos deich míle siar ó thuaidh ó oileán Gola le criú 18 mairnéalach Ollannach. Bhí aimsir millteanach ann an oíche sin le fórsa stoirme NW 10 le farraigí 30 troigh móide. Glaodh ar Bhád Tarrthála Árainn Mhór cúnamh a thabhairt. Nuair a tháinig an criú le chéile ag an stáisiún dúirt an coxswain John (Jack) Boyle leo mar go mbeadh an pasáiste chomh fealltach, thuig sé má chinn aon duine den fhoireann gan dul. D'aontaigh criú an bháid tarrthála uilig an tarrtháil a dhéanamh. Éist le scéal iomlán an tarrthála iontach seo a d’inis Brian MacGloinn ag an nasc seo.

View Point

Seo Árainn Mhór

The Seo Árainn Mhór mobile application is an Android and iOS app designed and developed on the island of Arranmore with one purpose: How do we make it simple for people, islanders and visitors alike, to discover Arranmore?

App Store Badge
Google Play Store Badge
Arranmore Ferry Mobile App, available on Android and iOS